1 Ríthe 15 ABN

1 San ochtú bliain déag de réimeas Iarobám mac Nabát tháinig Aibíám i gcoróin ar Iúdá.

2 Bhí sé i réim ar feadh trí bliana in Iarúsailéim. Mácá, iníon Aibseálóm, ab ainm dá mháthair.

3 Lean sé sampla peacúil a athar roimhe i ngach ní. Ní raibh a chroí dílis ar fad don Tiarna faoi mar a bhí croí Dháiví a shinsear.

4 Dá ainneoin sin, ar son Dháiví, a athair, thug an Tiarna a Dhia lóchrann dó in Iarúsailéim, chinntigh mac ina dhiaidh agus dhaingnigh Iarúsailéim.

5 Óir rinne Dáiví an ceart i bhfianaise an Tiarna agus níor dhiúltaigh sé riamh i gcaitheamh a shaoil déanamh mar a d'ordaigh sé (seachas i gcas Úiríá an Hiteach).

6 (Bhí Aibíám agus Iarobám ag cogaíocht le chéile i gcaitheamh a ré.)

7 An chuid eile de stair Aibíám, a imeachtaí go léir, nach bhfuil siad scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá? Bhí cogadh idir Aibíám agus Iarobám.

8 Ansin chuaigh Aibíám chun suain lena shinsir, agus cuireadh é i nDúnfort Dháiví. Tháinig a mhac Ásá i gcoróin ina áit.

9 San fhichiú bliain de réimeas Iarobám rí Iosrael tháinig Ásá i gcoróin ar Iúdá,

10 agus rialaigh sé bliain agus daichead in Iarúsailéim.

11 Mácá iníon Aibseálóm b'ainm dá mháthair. Rinne Ásá an ceart i láthair an Tiarna mar a rinne a athair Dáiví.

12 Dhíbir sé ón tír na striapacha naofa fir agus scuab sé chun siúil na híola go léir a rinne a shinsir.

13 Bhain sé dínit na ríonmháthar fiú dá mháthair mar go ndearna sí dealbh ghráiniúil de Aiséará. Ghearr Ásá an dealbh anuas agus dhóigh sé i nGleann Chidreon í.

14 Cé nár scuabadh chun siúil na hardionaid, bhí croí Ásá dílis go hiomlán don Tiarna i gcaitheamh a shaoil.

15 Chuir sé isteach i dTeampall an Tiarna na tabhartais a thíolaic a athair, agus é féin, idir ór agus airgead agus ghréithe.

16 Bhí Ásá agus Báiseá rí Iosrael ag cogaíocht le chéile i gcaitheamh a ré go léir.

17 Ghabh Báiseá rí Iosrael suas i gcoinne Iúdá agus dhaingnigh sé Rámá d'fhonn léigear a chur ar Ásá rí Iúdá.

18 Thóg Ásá leis ansin a raibh fágtha d'airgead agus d'ór ó chistí Theampall an Tiarna agus phálás an rí. Chuir an rí Ásá an t‑iomlán i lámha a shearbhóntaí, sheol sé iad go Bein Hadad mac Thabrimeon mac Heizión, rí Arám, a raibh cónaí air sa Damaisc leis an teachtaireacht:

19 “Bíodh conradh idir mise agus thusa, faoi mar a bhí idir m'athairse agus d'athairse. Féach tá bronntanas óir agus airgid á chur agam chugat. Téigh agus bris an conradh atá agat le Báiseá rí Iosrael agus caithfidh sé cúlú ó mo chríochasa.”

20 D'aontaigh Bein Hadad leis an rí Ásá agus sheol sé lucht ceannais a airm i gcoinne cathracha Iosrael. Ghabh sé Íón agus Dán agus Ábael Béit Mácá agus Cinearót ar fad agus dúiche Naftáilí go léir.

21 Nuair a chuala Báiseá é sin, scoir sé de bheith ag daingniú Rámá agus d'fhill ar Thirzeá.

22 Ansin thionóil an rí Ásá Iúdá go léir, gan eisceacht a dhéanamh d'aon duine. Thógadar chun siúil na clocha agus an t‑adhmad lena raibh Báiseá ag daingniú Rámá, agus leis sin go léir dhaingnigh an rí Ásá Geaba i mBiniáimin, agus Mizpeá.

23 An chuid eile de stair Ásá, a ghaisce go léir, agus a imeachtaí ar fad (agus na cathracha a thóg sé), nach bhfuil sin uile scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá? Ina sheanaois, ámh, bhí na cosa ag goilliúint air.

24 Chuaigh Ásá chun suain lena shinsir agus cuireadh é i nDúnfort Dháiví, a shinsear. Tháinig Iahóiseáfát, a mhac, i gcomharbacht air.

Ríthe Iosrael

25 Tháinig Nádáb mac Iarobám i gcoróin ar Iosrael sa dara bliain de réimeas Ásá rí Iúdá, agus bhí sé dhá bhliain ina rí ar Iosrael.

26 Rinne sé an t‑olc i láthair an Tiarna, agus lean sé drochshampla a athar agus rinne aithris ar an bpeaca inar threoraigh sé Iosrael chun peacú.

27 Rinne Báiseá mac Aichíá de theaghlach Íosácár comhcheilg ina aghaidh agus threascair Báiseá é ag Gibeatón, cathair leis na Filistínigh a bhí faoi léigear ag Nádáb agus ag Iosrael go léir.

28 Mharaigh Báiseá Nádáb agus tháinig i gcomharbacht air sa tríú bliain de réimeas Ásá rí Iúdá.

29 A luaithe agus a tháinig sé i gcoróin, bhásaigh sé teaghlach Iarobám ar fad, gan anacal a dhéanamh ar oiread agus duine beo, ach iad go léir a ídiú, díreach faoi mar a thairngir briathar an Tiarna a labhair sé trína shearbhónta Aichíá ó Shileo,

30 de bharr peacaí Iarobám agus na bpeacaí inar threoraigh sé Iosrael chun peacú agus de bhrí gur ghriog sé an Tiarna, Dia Iosrael, chun feirge.

31 An chuid eile de stair Nádáb, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sin uile scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?

32 (Bhí Ásá agus Báiseá ag cogaíocht le chéile i gcaitheamh a ré go léir.)

33 Sa tríú bliain de ré Ásá rí Iúdá, tháinig Báiseá, mac Aichíá, i gcoróin ar Iosrael ag Tirzeá, agus mhair a ré ceithre bliana fichead.

34 Rinne sé an t‑olc i láthair an Tiarna agus rinne sé aithris ar Iarobám agus ar an bpeaca inar threoraigh sé Iosrael chun peacú.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22