1 Ríthe 2 ABN

Bás Dháiví

1 Nuair a bhí Dáiví ag saothrú an bháis leag sé an cúram seo ar a mhac Solamh:

2 “Táim ag dul ar shlí na fírinne. Bíodh misneach agat agus iompair thú féin go fearúil.

3 Cuir orduithe an Tiarna do Dhia i gcrích, lean a shlite agus comhlíon a dhlíthe, a aitheanta, a nósanna, a reachtanna faoi mar atá scríofa i ndlí Mhaois. Ar an dóigh sin beidh an rath ar gach rud a dhéanfaidh tú agus a ghlacfaidh tú ar láimh,

4 agus cuirfidh an Tiarna i gcrích an gealltanas a thug sé dom á rá: ‘Má bhíonn do chlann mhac aireach faoina n‑iompar agus leanúint go dílis dom le lán a gcroí agus a n‑anama ní bheidh tú go brách gan fear i gcoróin ar Iosrael.’

5 “Rud eile dhe, tá a fhios agat cad a rinne Ióáb mac Zarúá liom, agus cad a rinne sé le beirt cheannaire arm Iosrael, Aibnéar mac Néar agus Amásá mac Ieitir; conas mar a dhúnmharaigh sé iad; conas mar a rinne sé díoltas le linn síochána ar son fola a doirteadh le linn cogaidh; conas mar a smear sé crios mo choime agus cuaráin mo chos le fuil neamhchiontach.

6 Bíodh sé de chiall agat gan ligean dá cheann liath dul síos go Seol faoi shíocháin.

7 Ach maidir le clann mhac Bhairzilí ó Ghileád, bí lách leo faoi mar a bhíodarsan lách liomsa nuair a bhí mé ag teitheadh ó do dheartháir Aibseálóm, agus lig dóibh suí chun boird le do chuideachta.

8 Tá Simeí mac Ghéará, an Biniáimineach ó Bhachúraím, i do theannta chomh maith. Chuir seisean mallacht mhillteach orm an lá a chuir mé chun bealaigh go Machanáím; ach tháinig sé anuas faoi mo dhéin ag an Iordáin agus mhionnaigh mé dó dar an Tiarna á rá: ‘Ní imreoidh mé an claíomh go marfach ort.’

9 Ach ná scaoilse leis gan phionós; mar is duine ciallmhar thusa agus beidh a fhios agat conas plé leis agus a cheann liath a chur síos go Seol faoi dhoirteadh fola.”

10 Ansin thit codladh an bháis ar Dháiví dála a shinsear roimhe agus adhlacadh é i nDúnfort Dháiví.

11 Bhí daichead bliain caite aige ina rí ar Iosrael, seacht mbliana acu i Heabrón agus trí bliana tríochad i Iarúsailéim.

12 Shuigh Solamh ar ríchathaoir Dháiví, a athair, agus bunaíodh a ríocht go daingean.

Bás Adoiníá

13 Chuaigh Adoiníá mac Haigít go Baitseaba máthair Sholaimh [agus chrom le hómós di]. “An turas síochánta é seo agat?” a d'fhiafraigh sí. D'fhreagair sé: “Sea, turas síochánta.”

14 “Tá rud éigin le rá agam leat,” ar sé léi ansin. “Abair leat,” ar sí.

15 “Tá a fhios agat,” ar sé, “gur chóir go dtitfeadh an ríocht liomsa, agus go raibh súil ag Iosrael go léir go mbeinnse i mo rí; ach ghabh an ríocht tharam agus thit sí le mo dheartháir mar gur dó a cheap an Tiarna í.

16 Tá aon achainí amháin agam ort; ná tabhair an t‑eiteach dom.” “Abair leat,” ar sise leis.

17 Lean sé air: “Iarr ar Sholamh rí, le do thoil, Aibíseag ó Shiúnaem a thabhairt dom mar bhean.”

18 “Ceart go leor,” arsa Baitseaba, “labhróidh mé leis an rí ar do shon.”

19 Chuaigh Baitseaba go Solamh rí le labhairt leis ar son Adoiníá. D'éirigh an rí roimpi ag teacht di agus chrom in ómós di; shuigh sé ansin ina ríchathaoir agus tugadh cathaoir isteach do mháthair an rí, agus shuigh sí ar a dheis.

20 “Tá aon achainí bheag amháin agam ort,” ar sí, “agus ná tabhair an t‑eiteach dom.” Dúirt an rí léi: “Cuir d'achainí chugam, a mháthair, mar ní thabharfaidh mé an t‑eiteach duit.”

21 “Tugtar,” ar sí, “Aibíseag ó Shiúnaem d'Adoiníá do dheartháir mar bhean.”

22 D'fhreagair Solamh rí a mháthair: “Cad faoi deara duit Aibíseag ó Shiúnaem a lorg d'Adoiníá mar bhean? Tá sé chomh maith agat an ríocht a lorg dó chomh maith; mar sé mo dheartháir is sine é, agus tá Aibíátár an sagart agus Ióáb mac Zarúá ar a thaobh.”

23 Ansin mhionnaigh Solamh rí dar an Tiarna á rá: “Go ndéana Dia a leithéid siúd liom, agus a thuilleadh fós,” ar sé, “mura dtugann Adoiníá a anam in éiríc na bhfocal sin!

24 Dar an Tiarna beo, an té sin a chuir mé go daingean i ríchathaoir Dháiví m'athair, agus a thug ríshliocht [dó] mar a gheall sé, cuirfear Adoiníá chun báis inniu féin.”

25 Sheol Solamh rí Banáiá mac Iahóideá á threascairt, agus fuair sé bás.

Pionós ar Aibíátár agus ar Ióáb

26 Agus maidir le hAibíátár an sagart, dúirt an rí leis: “Imigh leat go hAnatót go dtí do thailte. Mar tá an bás tuillte agat, ach ní chuirfidh mé chun báis anois thú mar gur iompair tú áirc an Tiarna os comhair Dháiví m'athair agus go raibh páirt agat in anró m'athar go léir.”

27 Bhain Solamh sagartacht an Tiarna d'Aibíátár agus chomhlíon sé ar an gcuma sin briathar an Tiarna, an briathar a labhair sé in aghaidh theaghlach Éilí i Sileo.

28 Nuair a fuair Ióáb an scéala - mar thug Ióáb a thacaíocht d'Adoiníá cé nár thug d'Aibseálóm - theith sé go both an Tiarna agus rug greim ar bheanna na haltóra.

29 Insíodh do Sholamh rí: “Theith Ióáb go both an Tiarna; tá sé ansiúd le taobh na haltóra.” [Ansin chuir Solamh scéala go Ióáb: “Cén fáth ar theith tú chun na haltóra?” D'fhreagair Ióáb: “Bhí eagla orm romhat.”] Ansin chuir Solamh Banáiá mac Iahóideá uaidh á rá: “Imigh agus treascair é!”

30 Chuaigh Banáiá dá bhrí sin go both an Tiarna. “Ar ordú an rí,” ar sé, “tar amach!” “Ní dhéanfaidh mé,” ar seisean, “gheobhaidh mé bás anseo.” Thug Banáiá scéala ar ais chun an rí: “A leithéid seo a dúirt Ióáb, agus sin é an freagra a thug sé orm.”

31 “Déan mar a dúirt sé,” d'fhreagair an rí, “treascair é agus déan é a adhlacadh, agus glan díomsa agus de theaghlach m'athar an chiontacht ar son na fola a dhoirt Ióáb gan chúis.

32 Fillfidh an Tiarna a bhearta fola ar mhullach a chinn féin air mar, gan fhios do m'athair Dáiví, d'ionsaigh sé agus chuir chun báis le faobhar claímh Aibnéar mac Néar, ceannasaí airm Iosrael, agus Amásá, mac Ieitir, ceannasaí airm Iúdá.

33 Go bhfille a bhfuil sa mhullach ar Ióáb agus ar a shliocht go brách, ach go raibh síocháin ón Tiarna go brách ar Dháiví, ar a shliocht, ar a ríora, agus ar a ríchathaoir.”

34 Ghabh Banáiá mac Iahóideá suas ansin, threascair Ióáb agus chuir chun báis é; adhlacadh é ina theach féin san fhásach.

35 Cheap an rí Banáiá mac Iahóideá ina cheannasaí ar an arm ina áit, agus Zádóc an sagart in áit Aibíátár.

Bás Shimeí

36 Chuir an rí fios ar Shimeí ansin agus ghairm chuige féin é. “Tóg teach duit féin in Iarúsailéim,” ar sé leis, “agus tar chun cónaithe ann agus ná corraigh in aon bhall as an áit sin.

37 An lá a rachaidh tú amach agus gabháil thar Ghleann Chidreon, bíodh a fhios agat go cinnte go bhfaighidh tú bás; beidh do chuid fola ar do cheann féin.”

38 “Tá go maith,” arsa Simeí leis an rí, “déanfaidh do shearbhónta mar a dúirt an rí.” Agus mhair Simeí tamall fada in Iarúsaileim.

39 Ach faoi cheann trí bliana, tharla gur theith beirt dhaorán le Simeí go hÁicís, mac Mhácá, rí Ghat. Fuair Simeí scéala: “Tá do dhaoráin i nGat.”

40 D'éirigh Simeí agus chuir an diallait ar a asal agus d'imigh go hÁicís i nGat ar lorg a dhaorán. D'imigh sé leis agus thug a dhaoráin ar ais ó Ghat.

41 Insíodh do Sholamh go ndeachaigh Simeí ó Iarúsailéim go Gat agus go raibh sé tagtha ar ais.

42 Chuir an rí fios ar Shimeí agus dúirt leis: “Nár chuir mé d'iallach ort mionn a thabhairt dar an Tiarna, agus nár thug mé rabhadh sollúnta duit á rá: ‘An lá a imeoidh tú agus a rachaidh tú in aon bhall ar bith eile, bí cinnte go bhfaighidh tú bás gan aon agó’? Agus dúirt tú liom: ‘Tá go maith. Géillim duit.’

43 Cén fáth, dá bhrí sin, nár choimeád tú mionn an Tiarna agus an t‑ordú a thug mé duit?”

44 Lean an rí air agus dúirt le Simeí: “Tá a fhios agat i do chroí cén urchóid go léir a rinne tú do m'athair Dáiví. Tabharfaidh an Tiarna d'urchóid sa mhullach ort féin.

45 Ach go raibh beannacht ar Sholamh rí, agus go raibh ríchathaoir Dháiví daingean os comhair an Tiarna go brách.”

46 Ansin thug an rí orduithe do Bhanáiá mac Iahóideá agus ghabh sé amach agus threascair sé Simeí agus fuair sé bás. Agus d'fhág sin an ríocht go daingean i lámha Sholaimh.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22