1 Ríthe 8 ABN

An Áirc á cur sa Teampall

1 Chruinnigh Solamh seanóirí Iosrael le chéile in Iarúsailéim chun go dtabharfaidís áirc chonradh an Tiarna aníos ó Shíón, Dúnfort Dháiví.

2 Bhailigh fir Iosrael ar fad timpeall an rí Solamh i mí Éatáiním le linn na féile (an seachtú mí, sé sin)

3 agus thug na sagairt an áirc suas leo,

4 agus Both na Teagmhála, mar aon leis na soithí naofa go léir a bhí istigh ann.

5 D'ofráil an rí Solamh agus Iosrael ar fad íobairtí os comhair na háirce, caoirigh agus daimh gan áireamh gan chuimse.

6 D'iompair na sagairt áirc chonradh an Tiarna go dtí a hionad i sanctóir an Teampaill, is é sin san áit shárnaofa, faoi sciatháin na gceiribíní.

7 San áit inar cuireadh an áirc bhí sciatháin na gceiribíní spréite amach mar scáth os cionn na háirce agus a pollaí.

8 Bhí siad sin chomh fada sin gurbh fhéidir a ndeirí a fheiceáil ón áit naofa os comhair an tsanctóra, ach níorbh fhéidir ó lasmuigh.

9 Ní raibh rud ar bith san áirc ach an dá thábla chloiche a chuir Maois inti i Horaeb, táblaí an chonartha a rinne an Tiarna le clann Iosrael nuair a tháinig siad amach as tír na hÉigipte.

10 Tá siad ansin fós go dtí an lá inniu.

11 Nuair a tháinig na sagairt amach as an sanctóir, líonadh Teampall an Tiarna leis an néal.

12 De bharr an néil níor fhéad na sagairt leanúint níos faide dá ndualgais freastail; bhí Teampall an Tiarna líonta de ghlóir an Tiarna.

13 Dúirt Solamh ansin:“Chinn an Tiarna go lonnódh sé sa néal tiubh.

14 Is ea go deimhin, tá áit chónaithe tógtha agam duit,Áit duit chun cónaí ann go brách.”

15 Ansin chas an rí timpeall agus chuir a bheannacht ar chomhthionól Iosrael go léir, agus comhthionól Iosrael go léir ina seasamh.

16 Dúirt sé: “Moladh leis an Tiarna, Dia Iosrael, a chuir i ngníomh ó láimh gach ar gheall sé ó bhéal do Dháiví m'athair nuair a dúirt sé:

17 Ón lá a thug mé mo phobal Iosrael amach as an Éigipt, níor roghnaigh mé aon chathair, in aon treibh de chuid Iosrael go léir, le teach a thógáil inti le go lonnódh m'ainm ann, ach roghnaigh mé Dáiví le mo phobal Iosrael a rialú.”

18 Ba é mian croí m'athar Dáiví teach a thógáil d'ainm an Tiarna, Dia Iosrael.

19 Ach dúirt an Tiarna: ‘Is é mian do chroí teach a thógáil do m'ainm, agus is maith uait sin a bheith i do chroí:

20 ach mar sin féin ní tú an té a thógfaidh an teach; sé do mhac, an té a ghinfear ó d'fheoil féin, a thógfaidh an teach do m'ainm.’

21 Chomhlíon an Tiarna an gealltanas a thug sé; tháinig mise i gcomharbacht ar m'athair Dáiví agus táim i mo shuí i ríchathaoir Iosrael, faoi mar a gheall an Tiarna; tá an teach tógtha agam d'ainm an Tiarna, Dia Iosrael,

22 agus tá ionad déanta agam ann don áirc ina bhfuil an conradh a rinne an Tiarna lenár sinsir nuair a thug sé amach as tír na hÉigipte iad.”

Paidir Sholaimh

23 Ansin, i láthair chomhthionól Iosrael go léir, sheas Solamh os comhair altóir an Tiarna, agus shín sé a lámha amach i dtreo na bhflaitheas

24 agus dúirt: “A Thiarna, Dia Iosrael, níl aon Dia cosúil leatsa ar neamh thuas, ná ar talamh thíos; tá tú dílis do do chonradh agus buanghrách le do shearbhóntaí nuair a chloíonn siad le do bhealaí le hiomlán a gcroí.

25 Chomhlíon tú an gealltanas a thug tú do do shearbhónta Dáiví, m'athair; gach ar gheall tú ó bhéal, chuir tú i ngníomh ó láimh inniu.

26 Agus anois, a Thiarna, Dia Iosrael, coinnigh an gealltanas a thug tú do do shearbhónta Dáiví, m'athair, á rá: ‘Ní bheidh tú choíche gan fear le suí os mo chomhair ar ríchathaoir Iosrael, ar choinníoll go dtabharfaidh do chlann mhac aire dá n‑iompar agus siúl os mo chomhair mar a rinne tusa féin.’

27 Daingnigh más ea anois, a Dhia Iosrael, na focail a labhair tú le do shearbhónta, Dáiví, m'athair.

28 Ach an ndéanfaidh Dia cónaí dáiríre [i measc an chine dhaonna] ar talamh? Féach! ní féidir leis na flaithis féin ná lena bhflaithis siúd arís thú a choinneáil. Nach lúide mar sin is féidir leis an teach seo atá tógtha agamsa?

29 Ach éist le hurnaí agus le himpí do shearbhónta, a Thiarna mo Dhia; tabhair cluas don ghlaoch agus don ghuí a chuireann do shearbhónta suas chugat inniu.

30 De lá agus d'oíche bíodh do shúile ag tabhairt aire don teach seo, an áit seo faoina ndúirt tú féin: ‘Is ansin a bheidh m'ainm.’ Éist leis an nguí a ofrálfaidh do shearbhónta i dtreo na háite seo.

31 Agus éist le hachainí do shearbhónta agus do phobail Iosrael nuair a ghuífidh siad i dtreo na háite seo. Sea éist i d'áras ar neamh, agus nuair a chloisfidh tú, tabhair maithiúnas!

32 “Má pheacaíonn duine in aghaidh a chomharsan, agus go nglaonn an chomharsa mallacht [sa mhullach air], agus go gcuireann sé iallach air mionn a thabhairt os comhair d'altóra sa Teampall seo,

33 éistse sna flaithis agus déan beart, agus tabhair breith idir do shearbhóntaí; daor an ciontach agus tabhair a iompar sa mhullach air féin; cosain an fíréan agus tabhair luach saothair dó de réir a fhíréantachta.

34 Nuair a bhéarfaidh an namhaid an bua ar do phobal Iosrael mar gur pheacaigh siad i d'aghaidh, má iompaíonn siad ar ais chugat, agus d'ainm a mholadh, agus idirghuí agus impí a dhéanamh chugat, sa teach seo,

35 tabhair cluas dóibh ó na flaithis agus maith a bpeaca do do phobal Iosrael, agus tabhair ar ais iad chun na tíre a thug tú dá sinsir.

36 Nuair a dhúnfar na spéartha agus nach mbeidh aon bháisteach mar gur pheacaíodar i d'aghaidh, má dhéanann siad guí i dtreo na háite seo, agus d'ainm a mholadh, agus [go n‑umhlaíonn] tú iad agus go ndéanann siad aithrí ina bpeaca,

37 tabhair cluas dóibh ó na flaithis agus maith peaca do shearbhóntaí agus do phobail Iosrael; múin dóibh cosán na fíréantachta atá le leanúint acu, agus fear fearthainn ar do thír, an tír a thug tú do do phobal mar oidhreacht.

38 “Má bhíonn gorta sa tír, nó plá nó aicíd, nó coincleacha, nó lócaiste, nó cruimh; má chuireann namhaid an phobail seo léigear [ar gheata] dá gcathair; má bhíonn fiabhras nó galar;

39 má thagann doilíos croí ar aon duine (nó ar phobal Iosrael go léir) agus go ndéanann sé impí nó achainí, agus go síneann sé a lámha amach i dtreo an Teampaill seo,

40 tabhair cluas ó na flaithis mar a bhfuil d'áitreabh; tabhair maithiúnas agus déan beart; cúitigh le cách de réir a iompair go léir - mar is duit amháin is eol croí gach duine de shíol fir -

41 ionas go mbeidh urraim acu duit an dá lá déag agus an fhaid a mhairfidh siad sa tír a thug tú dar sinsir.

42 “Agus an strainséir chomh maith nach mbaineann le do phobal Iosrael, má thagann sé ón imigéin ar son d'ainm -

43 mar cloisfear trácht thar d'ainm, thar do láimh thréan, agus thar do ghéag ar tinneall - má thagann sé agus guí a dhéanamh i dtreo an Teampaill seo,

44 tabhair cluas dó ó na flaithis mar a bhfuil d'áitreabh, agus deonaigh gach a n‑iarrfaidh an strainséir agus é ag glaoch chugat, ionas go bhfaighidh ciníocha uile an domhain eolas ar d'ainm, agus, dála do phobail Iosrael, go mbeidh urraim acu duit, agus go mbeidh a fhios acu gur tugadh d'ainm ar an Teampall seo a thóg mé.

45 “Má théann do phobal chun cogaidh in aghaidh a naimhde, cibé bealach ar a seolfaidh tú iad, agus má chasann siad i dtreo na cathrach a thogh tú agus i dtreo an Teampaill a thóg mé do d'ainm, agus guí chun an Tiarna,

46 tabhair cluas ó na flaithis dá n‑impí agus dá n‑achainí, agus seas leo.

47 “Má pheacaíonn siad i d'aghaidh - mar níl duine beo nach ndéanann peaca - agus go dtiocfaidh fearg ort chucu agus iad a thabhairt suas dá namhaid i dtreo go dtabharfar chun siúil iad mar dhaoir go tír a namhad i gcéin nó i gcóngar;

48 má thagann ciall dóibh i dtír a ndeoraíochta agus go ndéanfaidh siad aithrí, agus guí a chur chugat i bhfearann lucht a gcloíte á rá: ‘Pheacaíomar, rinneamar an t‑olc agus an peaca,’

49 agus má iompaíonn siad ar ais chugat ó chroí go hiomlán agus ó anam go hiomlán, i dtír a naimhde, an mhuintir a rug leo ina ndaoir iad, agus má chuireann siad achainí chugat agus a n‑aghaidh i dtreo na tíre a thug tú dá sinsir, i dtreo na cathrach a thogh tú, agus i dtreo an Teampaill a thóg mé do d'ainm,

50 tabhair cluas dóibh ó na flaithis mar a bhfuil d'áitreabh (agus éist lena n‑achainí agus lena n‑impí agus seas leo).

51 Agus maith do do phobal na peacaí a rinneadar i do choinne, agus na cionta go léir lenar chiontaíodar i d'aghaidh, agus deonaigh go mbainfidh siad amach fabhar lucht a gcloíte ionas go mbeadh trua acu dóibh,

52 óir is iad do phobal iad, agus d'oidhreacht a thug tú amach as an Éigipt, as lár an fhoirnéis iarainn úd.”

Dúnadh agus Beannacht

53 a “Bíodh do shúile ar leathadh i gcónaí d'impí do shearbhónta agus do phobail Iosrael, agus tabhair cluas dóibh i gcónaí nuair a ghlaofaidh siad ort.

54 Mar is tusa a roghnaigh iad ó phobail na cruinne go léir mar oidhreacht agat féin, mar a d'fhógair tú trí Mhaois do shearbhónta, nuair thug tú ár sinsir ón Éigipt amach, a Thiarna Dia.”

55 Nuair a bhí an achainí agus an urnaí seo go léir curtha ag Solamh i láthair an Tiarna, d'éirigh sé dá ghlúine mar a raibh sé lena lámha sínte suas amach chun na bhflaitheas aige os comhair altóir an Tiarna,

56 agus sheas sé agus chuir sé a bheannacht ar chomhthionól Iosrael go léir in ard a ghutha á rá:

57 “Moladh leis an Tiarna a thug suaimhneas dá phobal Iosrael de réir gach ar gheall sé; níor theip ar oiread agus ceann de na nithe fónta go léir a gheall sé trí bhéal Mhaois a shearbhónta.

58 Go raibh an Tiarna ár nDia inár dteanntana mar a bhí sé i dteannta ár sinsear; ná tréigeadh sé choíche sinn agus ná caitheadh sé i leataobh sinn.

59 Go n‑iompaí sé ár gcroí chuige féin ionas go leanfaimid a bhealaí go léir agus a aitheanta a choimeád, agus a dhlíthe agus na reachtanna a thug sé dár sinsir.

60 Go raibh na briathra seo de mo chuid, lena ndearna mé urnaí os comhair an Tiarna, i bhfianaise an Tiarna mo Dhia, de lá agus d'oíche, agus go seasa sé lena shearbhónta, agus go seasa sé lena phobal Iosrael de réir mar éileofar lá i ndiaidh lae;

61 ionas go mbeidh a fhios ag ciníocha na cruinne go léir gurb é an Tiarna is Dia ann dáiríre, agus nach bhfuil ann ach é.

62 Go raibh bhur gcroí go hiomlán dá réir sin leis an Tiarna ár nDia, agus go gcoimeáda sibh a dhlíthe agus go gcomhlíona sibh a aitheanta dála an lae inniu.”

Íobairtí Coisreacain

63 Ansin d'ofráil an rí agus Iosrael go léir íobairtí i bhfianaise an Tiarna.

64 D'ofráil Solamh dhá mhíle fichead damh agus céad agus fiche míle caora mar íobairtí comaoineach don Tiarna. Mar sin a rinne an rí agus clann Iosrael go léir Teampall an Tiarna a choisreacan.

65 An lá céanna rinne an rí an chúirt mheánach os comhair Theampall an Tiarna a choisreacan; mar d'ofráil sé ansiúd an íobairt uileloiscthe, an abhlann, agus codanna méithe na n‑íobairtí comaoineach, mar go raibh an altóir chré-umha a bhí os comhair an Tiarna róbheag chun an íobairt uileloiscthe, an abhlann agus codanna méithe na n‑íobairtí comaoineach a choinneáil.

66 Rinne Solamh an fhéile a cheiliúradh an t‑am sin in éineacht le hIosrael go léir, comhthionól mór ó bhealach Hamát go sileán na hÉigipte, agus sin i láthair an Tiarna ár nDia, ar feadh [seacht lá].

67 Ar an ochtú lá chuir sé an pobal chun siúil; d'fhágadarsan slán agus beannacht ag an rí agus d'imíodar abhaile agus a gcroí lán de lúcháir agus d'áthas de bharr an chineáltais go léir a thaispeáin an Tiarna do Dháiví agus dá phobal Iosrael.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22