41 Chuala Adoiníá agus na haíonna a bhí in éineacht leis an gheoin agus iad ag deireadh a mbéile. Nuair a chuala Ióáb glór an stoic dúirt sé: “Cén gheoin chorraíola í seo sa chathair?
42 Fad a bhí sé ag caint tháinig Iónátán mac Aibíátár an sagart ar an láthair. “Tar isteach,” arsa Adoiníá, “is duine ionraic thú agus tá dea-scéala leat, ní foláir.”
43 “Níl,” ar sé leis, “mar rinne ár dtiarna, Dáiví rí, rí de Sholamh.
44 Chuir an rí Zádóc an sagart leis, agus Nátán fáidh, agus Banáiá mac Iahóideá, agus na Ceiréitigh agus na Peiléitigh; chuir siad ar muin mhiúil an rí é;
45 agus rinne Zádóc an sagart agus Nátán fáidh é a ungadh ina rí ag Gíohón; agus ghabhadar suas ón áit sin le gártha áthais agus tá an chathair anois ina cíor thuathail; sin í an gheoin a chuala sibh.
46 Agus, mar rud eile, tá Solamh ina shuí sa chathaoir ríoga,
47 agus de bhreis air sin, rinne oifigigh an rí gairdeas lenár dtiarna Dáiví rí leis na focail: ‘Go ndéana do Dhia ainm Sholaimh níos glórmhaire fiú ná d'ainmse agus go móra sé a ríchathaoir fiú thar do ríchathaoir féin!’ Agus chrom an rí a cheann sa leaba