49 Ansin tháinig scéin ar a raibh ar cuireadh ag Adoiníá agus d'éiríodar agus d'imíodar leo, gach duine díobh ag tabhairt a bhóthair féin air féin.
50 D'éirigh Adoiníá chomh maith, agus, le barr eagla roimh Sholamh, rith sé leis agus rug ar bheanna na haltóra.
51 Tugadh an scéala go dtí Solamh rí: “Féach, tá eagla ar Adoiníá roimh Sholamh rí; tá greim aige ar bheanna na haltóra agus é á rá: ‘Tugadh Solamh rí a mhionn dom ar dtús nach maróidh sé a shearbhónta le faobhar claímh.’ ”
52 “Má iompraíonn sé é féin go hionraic,” a d'fhreagair Solamh, “ní thitfidh ribe dá chuid gruaige chun talún; ach má fhaightear mailíseach é, cuirfear chun báis é.”
53 Chuir Solamh rí fios air dá bhrí sin agus thugadar anuas ón altóir é. Agus tháinig sé agus rinne sé ómós do Sholamh rí. Dúirt Solamh leis: “Gabh abhaile.”