14 Sé chéad agus a seasca sé thallann óir an meáchan óir a thagadh go Solamh le haghaidh na bliana,
15 seachas a dtagadh chuige mar cháin ón lucht trádála agus mar bhrabús na gceannaithe, agus ó ríthe na hAráibe go léir, agus ó rialtóirí na tíre.
16 Rinne Solamh rí dhá chéad sciath mhór d'ór ceárta; chuaigh sé chéad seicil óir i ngach sciath.
17 Agus rinne sé trí chéad sciath bheag d'ór ceárta, agus chuaigh trí mhíoná óir i ngach sciath, agus chuir an rí iad i Halla Fhoraois na Liobáine.
18 Rinne an rí chomh maith ríchathaoir mhór eabhair, agus chumhdaigh í le hór athleáite.
19 Bhí sé chéim chun na ríchathaoireach, agus bhí ceann lao ar chúl na cathaoireach; bhí taca uillinne ar gach taobh den ríchathaoir; bhí dhá leon le taobh na dtacaí
20 agus dhá leon déag ar na céimeanna, leon ag dhá cheann gach céime de na sé céimeanna. Ní dhearnadh a leithéid riamh in aon ríocht eile.