9 Moladh leis an Tiarna do Dhia, a bhronn an chomaoin seo ort agus a chuir ar ríchathaoir Iosrael thú. De bhrí go raibh grá bithbhuan ag an Tiarna d'Iosrael, rinne sé rí díotsa chun an chóir agus an ceart a riar.”
10 Bhronn sí céad fiche tallann óir ansin ar an rí agus lear mór spíosraí agus liaga lómhara. Níor tháinig saibhreas spíosraí riamh ina dhiaidh sin a bhí inchurtha leo siúd a bhronn banríon Sheabá ar Sholamh rí.
11 Agus cabhlach Híorám a thug ór ó Óifír, thug sé chomh maith lastaí mora d'adhmad almug agus de liaga lómhara.
12 Den adhmad almug rinne an rí teanntaí do Theampall an Tiarna, agus don phálás ríoga, agus lireanna agus cruiteanna do na ceoltóirí; níor tháinig a thuilleadh den adhmad almug sin ó shin, ná ní fhacthas aon chuid de go dtí an lá seo féin.
13 Agus bhronn Solamh rí ar bhanríon Sheabá gach arbh áil léi, agus bronntanais le barr a fhéile ríoga féin chomh maith. Ansin d'imigh sí léi abhaile chun a tíre féin, í féin agus a searbhóntaí.
14 Sé chéad agus a seasca sé thallann óir an meáchan óir a thagadh go Solamh le haghaidh na bliana,
15 seachas a dtagadh chuige mar cháin ón lucht trádála agus mar bhrabús na gceannaithe, agus ó ríthe na hAráibe go léir, agus ó rialtóirí na tíre.