1 Thug Solamh rí grá do chuid mhór ban ón gcoigrích, ní amháin d'iníon Fhorainn ach do mhná de na Móábaigh, na hAmónaigh, na hEadómaigh, na Síodónaigh, na Hitigh,
2 na ciníocha úd faoina ndúirt an Tiarna le clann Iosrael: ‘Na téigí chucu agus ná tagadh siadsan chugaibh, nó is cinnte go n‑iompóidh siad bhur gcroí chun a ndéithe féin.” Ach bhí cion as cuimse ag Solamh orthu.
3 Bhí seacht gcéad bean aige a bhí ar chéim ríoga agus trí chéad leannán.
4 Nuair a chuaigh Solamh anonn in aois, chlaon a mhná céile a chroí i dtreo déithe eile, agus ní raibh a chroí go hiomlán ag an Tiarna, a Dhia, mar bhí croí a athar, Dáiví.
5 D'éirigh sé ceanúil ar Aisteárat, bandia na Síodónach, agus ar Mhiolcom uafás na nAmónach.
6 Rinne Solamh an t‑olc i súile an Tiarna agus níor lean sé an Tiarna lena chroí go hiomlán, mar a rinne Dáiví, a athair.
7 Ansin is ea a thóg Solamh ardionad do Chamóis uafás Mhóáb, agus do Mhoilic uafás na nAmónach, ar an gcnoc lastoir de Iarúsailéim.