15 Nuair a chloígh Dáiví Eadóm chuaigh Ióáb, ceannasaí an airm, chun na mairbh a adhlacadh agus chuir sé gach fear agus fireannach in Eadóm chun báis.
16 D'fhan Ióáb agus Iosrael go léir ansiúd ar feadh sé mhí nó go raibh gach fireannach in Eadóm curtha chun báis acu.
17 Ach theith Hadad, agus Eadómaigh eile a bhí ag seirbhís dá athair, chun na hÉigipte; ní raibh i Hadad ach buachaill ag an am sin.
18 Chuir siad chun bealaigh ó Mhidián agus ar theacht go Párán thug siad roinnt fear ó Phárán leo, agus ar aghaidh go dtí an Éigipt, go Forann, rí na hÉigipte. Thug seisean teach dó, agus coinmhe, agus fearann dó féin.
19 Thug Forann gean a chroí do Hadad agus thug sé deirfiúr a chéile mar bhean dó, deirfiúr na Céad Mhná, Tachpanaes.
20 Agus rug deirfiur Thachpanaes mac dó, Ganubat, agus rinne Tachpanaes é seo a chur ó dhiúl i dteach Fhorainn; agus oileadh Ganubat i dteach Fhorainn i measc clann mhac Fhorainn.
21 Ach nuair a fuair Hadad scéala agus é san Éigipt go raibh Dáiví imithe chun suain lena shinsir, agus go raibh Ióáb, ceannasaí an airm marbh, dúirt Hadad le Forann: “Lig dom imeacht agus filleadh ar mo thír féin.”