26 Mac do Nabát, Eafráimeach ó Zaraedá, ab ea Iarobám; Zarúá ab ainm dá mháthair, agus baintreach ab ea í. Bhí sé ag déanamh seirbhíse do Sholamh, ach rinne sé ceannairc.
27 Seo mar a rinne sé an cheannairc: Bhí Solamh ag tógáil an Mhileo agus ag iamh na bearnan i nDúnfort Dháiví, a athair.
28 Bhí céimíocht ag an ógfhear Iarobám agus nuair a chonaic Solamh a dhícheallaí a bhí sé, chuir sé i bhfeighil shaothar lucht daoirse theach Iósaef go léir é.
29 Lá dá ndeachaigh Iarobám amach as Iarúsailéim, casadh an fáidh Aichíá ó Shileo air ar an mbóthar; bhí fallaing nua ar Aichíá, agus bhí an bheirt acu leo féin i lár na tuaithe.
30 Rug Aichíá ar an bhfallaing nua a bhí air féin agus stróic sé ina dhá stiall déag í.
31 Dúirt sé le Iarobám: “Beir leat deich stiall faoi do choinne féin, óir is mar seo a labhraíonn an Tiarna Dia Iosrael: ‘Táim ag dul a stróiceadh na ríochta ó lámha Sholaimh agus tabharfaidh mé deich dtreibh duitse.
32 (Coinneoidh sé aon treibh amháin ar son Dháiví, mo shearbhónta, agus ar son Iarúsailéim an chathair atá tofa agam as treibheanna uile Iosrael)