35 Stoithfidh mé an ríocht as láimh a mhic, áfach, agus tabharfaidh mé duitse í, deich dtreibh.
36 Ach tabharfaidh mé aon treibh amháin dá mhac, ionas go mbeidh lóchrann i mo láthair i gcónaí ag mo shearbhónta Dáiví i m'fhianaise i Iarúsailéim, an chathair a thogh mé mar áit chónaithe do m'ainm.
37 Béarfaidh mé tusa liom, agus rialóidh tú ar oiread agus is mian leat, agus beidh tú i do rí ar Iosrael.
38 Má éisteann tú le m'orduithe go léir duit agus má leanann tú mo shlite, agus má dhéanann tú an ceart i mo láthair, ag comhlíonadh mo dhlíthe agus m'aitheanta, mar a rinne Dáiví mo shearbhónta, beidh mé in éineacht leat, agus tógfaidh mé teach daingean duit, mar a rinne mé do Dháiví, agus tabharfaidh mé Iosrael duit,
39 agus ar an gcuma sin déanfaidh mé sliocht Dháiví a umhlú, ach ní go deo é.’ ”
40 Rinne Solamh iarracht ar Iarobám a mharú, ach d'éalaigh seisean leis agus theith chun na hÉigipte go Síseac rí na hÉigipte, agus d'fhan sé san Éigipt go bhfuair Solamh bás.
41 An chuid eile de stair Sholaimh, a imeachtaí go léir, agus a eagna - nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Ghníomhartha Sholaimh.