7 Ansin is ea a thóg Solamh ardionad do Chamóis uafás Mhóáb, agus do Mhoilic uafás na nAmónach, ar an gcnoc lastoir de Iarúsailéim.
8 Rinne sé amhlaidh dá mhná coigríocha go léir a d'ofráladh túis agus íobairtí dá ndéithe.
9 Bhí fearg ar an Tiarna le Solamh de bhrí gur iompaigh sé a chroí ón Tiarna, Dia Iosrael, a thaispeáin é féin dó faoi dhó,
10 agus a chros air ansin déithe eile a leanúint. Ach níor chuir sé ar ordaigh an Tiarna i gcrích.
11 Dúirt an Tiarna dá bhrí sin le Solamh: “Ós mar seo atá do ghníomhartha agus nach gcomhlíonann tú mo chonradh ná mo reachtanna, a cheangail mé ort, bainfidh mé an ríocht díot go cinnte dearfa, agus bronnfaidh mé ar dhuine de do shearbhóntaí í.
12 Mar gheall ar Dháiví, mo shearbhónta, áfach, ní dhéanfaidh mé é sin le linn do shaoil féin, ach bainfidh mé de do mhac í.
13 Mar sin féin ní bhainfidh mé an ríocht go hiomlán de. Mar gheall ar Dháiví, mo shearbhónta, agus ar Iarúsailéim, atá tofa agam, tabharfaidh mé aon treibh amháin do do mhac.”