9 Bhí fearg ar an Tiarna le Solamh de bhrí gur iompaigh sé a chroí ón Tiarna, Dia Iosrael, a thaispeáin é féin dó faoi dhó,
10 agus a chros air ansin déithe eile a leanúint. Ach níor chuir sé ar ordaigh an Tiarna i gcrích.
11 Dúirt an Tiarna dá bhrí sin le Solamh: “Ós mar seo atá do ghníomhartha agus nach gcomhlíonann tú mo chonradh ná mo reachtanna, a cheangail mé ort, bainfidh mé an ríocht díot go cinnte dearfa, agus bronnfaidh mé ar dhuine de do shearbhóntaí í.
12 Mar gheall ar Dháiví, mo shearbhónta, áfach, ní dhéanfaidh mé é sin le linn do shaoil féin, ach bainfidh mé de do mhac í.
13 Mar sin féin ní bhainfidh mé an ríocht go hiomlán de. Mar gheall ar Dháiví, mo shearbhónta, agus ar Iarúsailéim, atá tofa agam, tabharfaidh mé aon treibh amháin do do mhac.”
14 D'ardaigh an Tiarna namhaid in aghaidh Sholaimh, Hadad an tEadómach; de ríshliocht Eadóm eisean.
15 Nuair a chloígh Dáiví Eadóm chuaigh Ióáb, ceannasaí an airm, chun na mairbh a adhlacadh agus chuir sé gach fear agus fireannach in Eadóm chun báis.