1 A luaithe a chuala Iarobám mac Nabát an scéala agus é fós san Éigipt mar ar theith sé ó Sholamh rí, d'fhill sé ón Éigipt.
2 Chuaigh Rachabám go Seicim mar go raibh Iosrael go léir imithe go Seicim chun é a fhógairt ina rí,
3 (agus chuir siad fios ar Iarobám agus tháinig sé féin agus comhthionól Iosrael go léir) agus dúradar le Rachabám:
4 “Chuir d'athair ualach trom orainn le hiompar; bog daoirse dhian d'athar, agus a chuing throm orainn agus déanfaimid seirbhís duit.”
5 Dúirt sé leo: “Imígí libh ar feadh trí lá, agus ansin tagaigí ar ais chugam.” Agus d'imigh na daoine leo.
6 Ansin chuaigh Rachabám rí i gcomhairle leis na seanóirí a bhí ag déanamh seirbhíse dá athair Solamh fad a mhair sé. “Cén freagra,” ar sé, “ar chóir dom dar libh a thabhairt don mhuintir seo?”