13 Níor thug an rí aon aird ar an gcomhairle a thug na seanóirí dó, ach thug freagra garbh ar an bpobal,
14 agus labhair leo de réir chomhairle na n‑ógfhear agus dúirt: “Leag m'athair ualach trom oraibh. Cuirfidh mise, más ea, breis ualaigh oraibh. Bhuail m'athair sibh le lasca; buailfidh mise sibh le scairpeanna.”
15 Níor éist an rí dá réir sin leis an bpobal, agus bhí sin curtha i gcrích ag an Tiarna ionas go gcomhlíonfadh sé an gealltanas a thug sé ó bhéal Aichíá ó Shileo do Iarobám mac Nabát.
16 Nuair a chonaic Iosrael go léir nach raibh aon aird á tabhairt ag an rí orthu, d'fhreagair an pobal an rí:“Cén chuid atá againn i nDáiví?Níl aon oidhreacht againn i mac Ieise.Chun bhur mbothanna libh, a Iosrael!Tabhair aire do do theach féin feasta, a Dháiví!”Agus d'imigh Iosrael leo chun a mbothanna.
17 Ach bhí Rachabám ina rí ar chlann mhac Iosrael a bhí ina gcónaí i gcathracha Iúdá.
18 Ansin chuir Rachabám rí uaidh Adorám a bhí i bhfeighil lucht an tsaothair éigeantaigh, ach chuir na hIosraelaigh go léir chun báis de chlocha é; ansin bhrostaigh Rachabám agus phreab ina charbad agus theith go Iarúsailéim.
19 Agus ar an gcuma sin tá Iosrael scartha ó theaghlach Dháiví go dtí an lá inniu féin.