2 Chuaigh Rachabám go Seicim mar go raibh Iosrael go léir imithe go Seicim chun é a fhógairt ina rí,
3 (agus chuir siad fios ar Iarobám agus tháinig sé féin agus comhthionól Iosrael go léir) agus dúradar le Rachabám:
4 “Chuir d'athair ualach trom orainn le hiompar; bog daoirse dhian d'athar, agus a chuing throm orainn agus déanfaimid seirbhís duit.”
5 Dúirt sé leo: “Imígí libh ar feadh trí lá, agus ansin tagaigí ar ais chugam.” Agus d'imigh na daoine leo.
6 Ansin chuaigh Rachabám rí i gcomhairle leis na seanóirí a bhí ag déanamh seirbhíse dá athair Solamh fad a mhair sé. “Cén freagra,” ar sé, “ar chóir dom dar libh a thabhairt don mhuintir seo?”
7 Dúirt siad leis: “Déan freastal ar an bpobal seo inniu, agus bí mar a bheadh seirbhíseach acu, labhair go lách leo, agus beidh siad mar sheirbhísigh agat go deo.”
8 Ach dhiúltaigh sé don chomhairle a thug na seanóirí dó agus chuaigh sé i gcomhairle leis na hógánaigh a d'fhás suas leis féin agus a bhí ina sheirbhís.