28 Rinne an rí a mhachnamh air seo dá réir sin, agus ansin rinne sé dhá lao óir. Dúirt sé leis an bpobal: “Tá sibh fada go leor ag dul suas go Iarúsailéim; seo agaibh bhur ndéithe, a Iosrael; is iad seo a thug aníos sibh as tír na hÉigipte.”
29 Chuir sé ceann díobh ina sheasamh i mBéitéil (agus an ceann eile i nDán,
30 agus ba pheaca sin) agus chuaigh mórshiúl den phobal an bealach ar fad go Dán ar bhéala an chinn eile.
31 Bhunaigh sé teampall na n‑ardionad agus cheap sé daoine ó ghnáththeaghlaigh mar shagairt, daoine nár de shliocht Léiví iad.
32 Lena chois sin bhunaigh Iarobám féile san ochtú mí, ar an gcúigiú lá déag den mhí, ar nós na féile a cheiliúrtaí in Iúdá, agus chuaigh sé suas chun na haltóra. Sin mar a rinne sé i mBéitéil, agus d'ofráil sé íobairtí do na laonna a bhí déanta aige. Agus chuir sé i mBéitéil sagairt na n‑ardionad a bhí bunaithe aige.
33 Ar an gcúigiú lá déag den ochtú mí, an mhí a thogh sé d'aon ghnó, chuaigh sé suas chun na haltóra a bhí déanta aige i mBéitéil. Bhunaigh sé féile do chlann Iosrael agus chuaigh suas chun na haltóra chun túis a íobairt.