6 Ansin chuaigh Rachabám rí i gcomhairle leis na seanóirí a bhí ag déanamh seirbhíse dá athair Solamh fad a mhair sé. “Cén freagra,” ar sé, “ar chóir dom dar libh a thabhairt don mhuintir seo?”
7 Dúirt siad leis: “Déan freastal ar an bpobal seo inniu, agus bí mar a bheadh seirbhíseach acu, labhair go lách leo, agus beidh siad mar sheirbhísigh agat go deo.”
8 Ach dhiúltaigh sé don chomhairle a thug na seanóirí dó agus chuaigh sé i gcomhairle leis na hógánaigh a d'fhás suas leis féin agus a bhí ina sheirbhís.
9 “Cén freagra a chomhairlíonn sibh dúinn a thabhairt don mhuintir seo a dúirt liom: ‘Bog dínn an chuing a leag d'athair orainn’?” ar sé leo.
10 Agus d'fhreagair an dream óg a d'fhás suas leis: “Tabhair an freagra seo don mhuintir úd a dúirt: ‘Chuir d'athair ualach trom orainn le hiompar, ach déan é a éadromú duinn’ - abair é seo leo: ‘Is raimhre mo lúidín ná coim m'athar.
11 Leag m'athair ualach trom oraibh Cuirfidh mise, más ea, breis ualaigh oraibh. Bhuail m'athair sibh le lasca; buailfidh mise sibh le scairpeanna.’ ”
12 An tríú lá tháinig (Iarobám agus) an pobal go léir go Rachabám, faoi mar a d'ordaigh an rí á rá: “Tagaigí chugam arís an treas lá.”