1 Féach! tháinig giolla Dé ó Iúdá go Béitéil ar ordú an Tiarna, agus Iarobám díreach ina sheasamh ag an altóir chun an túis a ofráil.
2 Ar ordú an Tiarna rinne sé glao in aghaidh na haltóra: “A altóir, a altóir,” ar sé, “seo mar a deir an Tiarna: ‘Béarfar mac do theaghlach Dháiví, darbh ainm Ióisíá agus íobróidh sé ort sagairt na n‑ardionad a dhónn túis ort, agus dófaidh sé cnámha daoine ort.’ ”
3 Agus thug sé comhartha san am céanna: “Seo é an comhartha,” ar sé, “gur labhair an Tiarna: ‘Pléascfaidh an altóir seo agus scaipfear an luaithreach atá uirthi.’ ”
4 Nuair a chuala an rí conas mar a ghlaoigh an giolla Dé in aghaidh na haltóra i mBéitéil, shín seisean, Iarobám, a lámh ón altóir amach, á rá: “Gabhaigí é.” Ach an lámh a shín sé amach in aghaidh an duine, shearg sí, agus níor fhéad sé í a tharraingt ar ais.