11 Agus bhí seanfháidh ina chónaí i mBéitéil, agus tháinig a chlann mhac á rá leis gach a ndearna an giolla Dé an lá sin i mBéitéil, agus na briathra a labhair sé leis an rí - d'insíodar iadsan leis dá n‑athair.
12 “Cén bealach a ghabh sé?” d'fhiafraigh a n‑athair díobh. Agus thaispeáin a chlann mhac [dó] an bealach a ghabh an giolla Dé a tháinig ó Iúdá.
13 “Cuirigí an diallait ar an asal dom,” ar sé lena chlann mhac; chuireadar an diallait ar an asal dó dá bhrí sin agus chuaigh sé ar a mhuin.
14 Lean sé an giolla Dé, agus fuair é ina shuí faoi scáth crann darach. “An tusa,” ar sé, “an giolla Dé a tháinig ó Iúdá?” “Is mé,” a d'fhreagair sé.
15 “Tar abhaile liom,” ar sé, “agus caith bia.”
16 “Ní féidir liom filleadh ar ais leat,” ar sé, “(ná dul isteach abhaile leat) ná bia ná deoch a chaitheamh anseo leat,
17 mar fuair mé ordú ón Tiarna: ‘Ná hith greim aráin agus ná hól deoch uisce ansiúd agus ná fill an bothar ar ar tháinig tú.’ ”