18 D'fhreagair an fear eile: “Is fáidh mise ar aon dul leat, agus dúirt aingeal liom ar ordú an Tiarna: ‘Tabhair leat ar ais chun do thí é ionas go gcaithfeadh sé bia agus deoch.’ ” Ach ba bhréag a d'inis sé dó.
19 Chuaigh an giolla Dé ar ais leis agus chaith sé bia agus deoch ina theach.
20 Agus ina suí chun boird dóibh tháinig briathar an Tiarna chun an fháidh a thug ar ais é,
21 agus labhair sé os ard leis an ngiolla Dé a tháinig ó Iúdá: “Mar seo a deir an Tiarna,” ar sé: “ ‘Dé bhrí go raibh tú easumhal d'ordú an Tiarna agus nár chomhlíon tú na treoracha a thug an Tiarna do Dhia duit,
22 ach teacht ar ais agus bia agus deoch a chaitheamh san áit inar choisc sé bia agus deoch ort, ní shroichfidh do chorp tuama do shinsear.’ ”
23 Nuair a bhí bia agus deoch caite aige, chuir an fáidh an diallait ar an asal dó, agus [chas sé timpeall agus d'imigh leis].
24 Ar an mbothar dó bhuail leon leis sa tslí agus mharaigh sé é. Fágadh a chorp sínte faon ar an mbóthar; d'fhan an t‑asal ina sheasamh ansiúd taobh leis, agus d'fhan an leon ina sheasamh ag an gcorp chomh maith.