27 Agus dúirt sé lena chlann mhac: “Cuirigí an diallait ar an asal dom,” agus chuireadar.
28 D'imigh sé leis agus fuair sé corp an fhir sínte ar an mbóthar agus an t‑asal agus an leon ina seasamh taobh leis an gcorp. Ní raibh an corp ite ná an t‑asal stollta ag an leon.
29 Thóg an fáidh corp an ghiolla Dé agus chuir ar a asal é agus thug ar ais é chun na cathrach ina raibh cónaí air lena chaoineadh agus lena adhlacadh.
30 Chuir sé an corp ina uaigh féin, agus chaoineadar é á rá: “Mo bhrón! mo bhráthair.”
31 Nuair a bhí sé curtha aige dúirt sé lena chlann mhac: “Nuair a gheobhaidh mé bás, cuirigí mé san uaigh ina bhfuil an giolla Dé curtha. Sínigí mo chnámha taobh lena chnámhasan.
32 Óir an briathar a ghlaoigh sé ar ordú an Tiarna in aghaidh altóir Bhéitéil, agus in aghaidh scrínte uile na n‑ardionad i gcathracha na Samáire, tiocfaidh sé chun críche go cinnte.”
33 Níor éirígh Iarobám as a dhrochnósanna i ndiaidh an imeachta sin, ach lean sé air ag ceapadh daoine den choitiantacht arís ina sagairt do na hardionaid. Duine ar bith ar mhian leis é, choisric Iarobám é le bheith ina shagart do na hardionaid.