8 Ach d'fhreagair an giolla Dé an rí: “Fiú dá dtabharfá leath do thí dom, ní rachainn leat. Ní íosfaidh mé greim aráin ná ní ólfaidh mé deoch uisce san áit seo,
9 mar fuair mé ordú ón Tiarna á rá: ‘Ná hith greim aráin agus ná hol deoch uisce agus ná fill an bóthar ar ar tháinig tú.’ ”
10 Thug sé bóthar eile air féin agus níor fhill sé an tslí a ghabh sé ag teacht go Béitéil.
11 Agus bhí seanfháidh ina chónaí i mBéitéil, agus tháinig a chlann mhac á rá leis gach a ndearna an giolla Dé an lá sin i mBéitéil, agus na briathra a labhair sé leis an rí - d'insíodar iadsan leis dá n‑athair.
12 “Cén bealach a ghabh sé?” d'fhiafraigh a n‑athair díobh. Agus thaispeáin a chlann mhac [dó] an bealach a ghabh an giolla Dé a tháinig ó Iúdá.
13 “Cuirigí an diallait ar an asal dom,” ar sé lena chlann mhac; chuireadar an diallait ar an asal dó dá bhrí sin agus chuaigh sé ar a mhuin.
14 Lean sé an giolla Dé, agus fuair é ina shuí faoi scáth crann darach. “An tusa,” ar sé, “an giolla Dé a tháinig ó Iúdá?” “Is mé,” a d'fhreagair sé.