10 Dá bharr sin tabharfaidh mé tubaiste ar theach Iarobám; scriosfaidh mé gach mac máthar de mhuintir Iarobám, idir dhaor is shaor in Iosrael; scuabfaidh mé teaghlach Iarobám chun siúil faoi mar a scuabann duine aoileach chun siúil go dtí nach mbíonn ruainne fágtha.
11 Aon duine de mhuintir Iarobám a gheobhaidh bás sa chathair, íosfaidh na madraí iad; aon daoine díobh a gheobhaidh bás faoin tuath, alpfaidh éanlaith an aeir iad; mar tá labhartha ag an Tiarna.’
12 “Éirigh dá bhrí sin agus imigh abhaile. A luaithe a leagfaidh tú cos leat sa chathair gheobhaidh an leanbh bás.
13 Déanfaidh Iosrael go léir é a chaoineadh, agus é a adhlacadh. Eisean amháin de mhuintir Iarobám a rachaidh i dtuama, mar is ann amháin de theaghlach Iarobám a fuarthas ábhar taitnimh leis an Tiarna Dia Iosrael.
14 Ardóidh an Tiarna rí dó féin ar Iosrael a dhéanfaidh teaghlach Iarobám a scrios. (Inniu an lá. Agus cad eile anois?)
15 Cuirfidh an Tiarna Iosrael ar crith dála na giolcaí san uisce, agus stoithfidh sé Iosrael as an tír fhónta a thug sé dá sinsir, agus scaipfidh sé thar an Eofrataes iad mar gur ghriogadar an Tiarna chun feirge leis na cuaillí naofa a rinneadar.
16 Tabharfaidh sé cúl le hIosrael de bharr na bpeacaí lenar pheacaigh Iarobám agus a thug sé ar Iosrael a dhéanamh.”