17 Ansin d'éirigh bean Iarobám agus d'imigh léi agus tháinig go Tirzeá, agus a luaithe a chuir sí cos thar tairseach, bhí an leanbh marbh.
18 Rinne Iosrael go léir é a adhlacadh agus a chaoineadh, de réir bhriathar an Tiarna, a labhair sé ó bhéal a shearbhónta, an fáidh Aichíá.
19 An chuid eile de stair Iarobám, na cogaí a d'fhear sé, conas a rialaigh sé, tá sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael.
20 Bhí Iarobám i réim dhá bhliain agus fiche agus chuaigh sé chun suain lena shinsir agus tháinig a mhac Nádáb i gcomharbacht air.
21 Rinneadh rí ar Iúdá de Rachabám mac Sholaimh. Bhí Rachabám bliain agus daichead nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé i gcoróin seacht mbliana déag in Iarúsailéim, an chathair ar threibheanna Iosrael a thogh an Tiarna lena ainm a chur inti. Námá an tAmónach ab ainm dá mháthair.
22 Agus rinne [sé] an t‑olc i bhfianaise an Tiarna, ag cur míchéadfa air lena pheacaí thar mar a rinne a shinsir leis na peacaí go léir a rinneadar,
23 mar thógadarsan ardionaid dóibh féin, agus galláin, agus cuaillí naofa ar gach sliabh ard agus faoi gach crann craobhach.