24 Bhí fiú striapacha naofa fir sa tír. Rinne sé aithris ar na nósanna bréana a bhí ag na ciníocha go léir a dhíbir an Tiarna roimh chlann Iosrael.
25 Sa chúigiú bliain de réimeas Rachabám, tháinig Síseac rí na hÉigipte aníos i gcoinne Iarúsailéim;
26 thug sé leis seoda Theampall an Tiarna agus seoda an pháláis ríoga; thug sé leis gach rud, fiú na sciatha óir go léir a rinne Solamh.
27 Ina n‑áitsean rinne Rachabám sciatha cré-umha, agus chuir iad faoi chúram oifigigh gharda gheataí pháláis an rí.
28 Aon uair a théadh an rí isteach i dTeampall an Tiarna, d'iompraíodh na gardaí iad, agus thugaidís ar ais chun seomra an gharda iad ina dhiaidh sin.
29 An chuid eile de stair Rachabám, a imeachtaí go léir, nach bhfuil siad scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?
30 Bhí Rachabám agus Iarobám ag cogaíocht le chéile i gcaitheamh a ré.