7 Téigh go Iarobám agus abair leis: ‘Mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael:D'ardaigh mé ó lár an phobail thú agus rinne mé ceannaire díot ar mo phobal Iosrael.
8 Stiall mé an ríocht ó theaghlach Dháiví agus thug mé duitse í; ach ní raibh tú mar mo shearbhónta Dáiví, a choimeád m'aitheanta agus a lean mé óna chroí go hiomlán, gan ach an ceart amháin á dhéanamh aige i mo láthairse.
9 Rinne tusa olc thar mar a rinne ar tháinig romhat; mar d'imigh tú leat agus rinne tú déithe eile duit féin, íomhánna de mhiotal leáite, rud a chuir fearg orm; agus thug tú droim láimhe liom.
10 Dá bharr sin tabharfaidh mé tubaiste ar theach Iarobám; scriosfaidh mé gach mac máthar de mhuintir Iarobám, idir dhaor is shaor in Iosrael; scuabfaidh mé teaghlach Iarobám chun siúil faoi mar a scuabann duine aoileach chun siúil go dtí nach mbíonn ruainne fágtha.
11 Aon duine de mhuintir Iarobám a gheobhaidh bás sa chathair, íosfaidh na madraí iad; aon daoine díobh a gheobhaidh bás faoin tuath, alpfaidh éanlaith an aeir iad; mar tá labhartha ag an Tiarna.’
12 “Éirigh dá bhrí sin agus imigh abhaile. A luaithe a leagfaidh tú cos leat sa chathair gheobhaidh an leanbh bás.
13 Déanfaidh Iosrael go léir é a chaoineadh, agus é a adhlacadh. Eisean amháin de mhuintir Iarobám a rachaidh i dtuama, mar is ann amháin de theaghlach Iarobám a fuarthas ábhar taitnimh leis an Tiarna Dia Iosrael.