1 Ríthe 15:18-24 ABN

18 Thóg Ásá leis ansin a raibh fágtha d'airgead agus d'ór ó chistí Theampall an Tiarna agus phálás an rí. Chuir an rí Ásá an t‑iomlán i lámha a shearbhóntaí, sheol sé iad go Bein Hadad mac Thabrimeon mac Heizión, rí Arám, a raibh cónaí air sa Damaisc leis an teachtaireacht:

19 “Bíodh conradh idir mise agus thusa, faoi mar a bhí idir m'athairse agus d'athairse. Féach tá bronntanas óir agus airgid á chur agam chugat. Téigh agus bris an conradh atá agat le Báiseá rí Iosrael agus caithfidh sé cúlú ó mo chríochasa.”

20 D'aontaigh Bein Hadad leis an rí Ásá agus sheol sé lucht ceannais a airm i gcoinne cathracha Iosrael. Ghabh sé Íón agus Dán agus Ábael Béit Mácá agus Cinearót ar fad agus dúiche Naftáilí go léir.

21 Nuair a chuala Báiseá é sin, scoir sé de bheith ag daingniú Rámá agus d'fhill ar Thirzeá.

22 Ansin thionóil an rí Ásá Iúdá go léir, gan eisceacht a dhéanamh d'aon duine. Thógadar chun siúil na clocha agus an t‑adhmad lena raibh Báiseá ag daingniú Rámá, agus leis sin go léir dhaingnigh an rí Ásá Geaba i mBiniáimin, agus Mizpeá.

23 An chuid eile de stair Ásá, a ghaisce go léir, agus a imeachtaí ar fad (agus na cathracha a thóg sé), nach bhfuil sin uile scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá? Ina sheanaois, ámh, bhí na cosa ag goilliúint air.

24 Chuaigh Ásá chun suain lena shinsir agus cuireadh é i nDúnfort Dháiví, a shinsear. Tháinig Iahóiseáfát, a mhac, i gcomharbacht air.