18 Nuair a chonaic Zimrí go raibh an chathair gafa chuaigh sé isteach i ndún phálás an rí, chuir an pálás trí thine sa mhullach air féin agus fuair bás,
19 de bharr na bpeacaí a rinne sé ag déanamh an oilc i láthair an Tiarna, ag déanamh aithris ar Iarobám, agus an pheaca inar threoraigh sé Iosrael.
20 An chuid eile de stair Zimrí, an chomhcheilg a rinne sé, nach bhfuil sin uile scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?
21 Rinneadh dhá pháirtí de mhuintir Iosrael ansin; lean leath an phobail Tibní mac Ghíonat le rí a dhéanamh de, agus an leath eile Omraí.
22 Fuair an páirtí a lean Omraí an lámh in uachtar ar an bpáirtí a lean Tibní. Fuair Tibní bás, agus rinneadh rí de Omraí.
23 San aonú bliain tríochad de réimeas Ásá rí Iúdá, tháinig Omraí i gcoróin ar Iosrael agus bhí sé i réim ar feadh dhá bhliain déag. Bhí sé sé bliana i réim i dTirzeá.
24 Ansin cheannaigh sé sliabh (na Samáire) ó Sheimir ar dhá thallann airgid agus thóg sé cathair air agus thug sé an tSamáir uirthi ó Sheimir, an té ar leis an sliabh.