25 Rinne Omraí an t‑olc i bhfianaise an Tiarna, agus sháraigh sé ar ghabh roimhe go léir lena dhrochbhearta.
26 Rinne sé aithris chruinn ar Iarobám mac Nabát agus ar na peacaí inar threoraigh sé Iosrael, ag griogadh an Tiarna, Dia Iosrael, chun feirge lena n‑íola baotha.
27 An chuid eile de stair Omraí, a imeachtaí, agus a ghaisce, nach bhfuil sin uile scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?
28 Ansin chuaigh Omraí chun suain lena shinsir agus cuireadh é sa tSamáir. Tháinig a mhac Acháb i gcomharbacht air.
29 Tháinig Acháb mac Omraí i gcoróin ar Iosrael san ochtú bliain tríochad de réimeas Ásá rí Iúdá, agus bhí sé ina rí ar Iosrael sa tSamáir ar feadh dhá bhliain agus fiche.
30 Rinne Acháb mac Omraí an t‑olc i bhfianaise an Tiarna agus sháraigh sé ar ghabh roimhe go léir lena dhrochbhearta.
31 Ba é ba lú a rinne sé ná aithris a dhéanamh ar Iarobám mac Nabát; phós sé Ízeibil iníon Eatbál rí na Síodónach, agus ansin chrom sé ar fhónamh do Bhál agus é a adhradh.