31 Ba é ba lú a rinne sé ná aithris a dhéanamh ar Iarobám mac Nabát; phós sé Ízeibil iníon Eatbál rí na Síodónach, agus ansin chrom sé ar fhónamh do Bhál agus é a adhradh.
32 Thóg sé altóir do Bhál i dteampall Bhál a thóg sé dó sa tSamáir.
33 Chuir Acháb cuaille naofa ina sheasamh chomh maith, agus rinne sé coireanna eile ag griogadh an Tiarna, Dia Iosrael, thar mar a rinne ríthe uile Iosrael a ghabh roimhe.
34 Is lena linn a d'atóg Híéil ó Bhéitéil Ireachó. Dhíol sé a chéadghin, Aibíorám, mar cháin ag leagan a mháithreacha, agus Sagúb, an mac ab óige leis, ag tógáil a gheataí, faoi mar a thairngir an Tiarna trí Iósua mac Nún.