6 Ansin chuaigh Báiseá chun suain lena shinsir agus adhlacadh é i dTirzeá, agus tháinig a mhac Éala i gcomharbacht air mar rí.
7 Ina theannta sin, trí bhéal an fháidh Iéahú mac Hanáiní, fógraíodh briathar an Tiarna in aghaidh Bháiseá agus a theaghlach sa chéad áit de bharr a ndearna sé d'olc i láthair an Tiarna, á ghriogadh chun feirge lena ghníomhartha, agus ag teacht ar aon dul le teaghlach Iarobám; agus sa dara háit de bhrí gur scrios sé an teaghlach sin.
8 Sa séú bliain fichead de réimeas Ásá rí Iúdá, tháinig Éala mac Bháiseá i gcoróin ar Iosrael ag Tirzeá agus mhair a réimeas dhá bhliain.
9 Rinne a shearbhónta Zimrí, ceannaire leath a chairbtheach, comhcheilg ina aghaidh agus nuair a bhí sé ar meisce le teann óil i dteach Arzá, fear a bhí ina reachtaire ar an bpálás i dTirzeá,
10 tháinig Zimrí isteach, leag ar lár é, agus mharaigh é sa seachtú bliain fichead de réimeas Ásá rí Iúdá, agus ghabh an choróin ina áit.
11 Nuair a tháinig sé i réim, a luaithe a shuigh sé sa ríchathaoir, bhásaigh sé teaghlach Bháiseá go léir, níor fhág sé fear dá ghaolta ná dá chairde beo.
12 Scrios Zimrí teaghlach Bháiseá go léir de réir bhriathar an Tiarna a labhair sé ó bheal an fháidh Iéahú,