8 Sa séú bliain fichead de réimeas Ásá rí Iúdá, tháinig Éala mac Bháiseá i gcoróin ar Iosrael ag Tirzeá agus mhair a réimeas dhá bhliain.
9 Rinne a shearbhónta Zimrí, ceannaire leath a chairbtheach, comhcheilg ina aghaidh agus nuair a bhí sé ar meisce le teann óil i dteach Arzá, fear a bhí ina reachtaire ar an bpálás i dTirzeá,
10 tháinig Zimrí isteach, leag ar lár é, agus mharaigh é sa seachtú bliain fichead de réimeas Ásá rí Iúdá, agus ghabh an choróin ina áit.
11 Nuair a tháinig sé i réim, a luaithe a shuigh sé sa ríchathaoir, bhásaigh sé teaghlach Bháiseá go léir, níor fhág sé fear dá ghaolta ná dá chairde beo.
12 Scrios Zimrí teaghlach Bháiseá go léir de réir bhriathar an Tiarna a labhair sé ó bheal an fháidh Iéahú,
13 de bharr peacaí Bháiseá go léir, agus peacaí Éalá, a mhac, a pheacaíodar, agus na bpeacaí inar threoraigh siad Iosrael, agus iad ag griogadh an Tiarna, Dia Iosrael, chun feirge lena n‑íola baotha.
14 An chuid eile de stair Éalá, agus a imeachtaí go léir, nach bhfuil sin uile scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?