1 Dúirt Éilias an Tisbíoch ó Thisbé i nGileád le hAcháb: “Dar an Tiarna beo, Dia Iosrael, dá ndéanaim seirbhís, ní thiocfaidh drúcht ná fearthainn sna blianta beaga romhainn, ach de réir mar ordóidh mise.”
2 Tháinig briathar an Tiarna chuige á rá:
3 “Imigh leat as an áit seo, gabh soir agus téigh i bhfolach i nGleann Chéirít atá taobh thoir den Iordáin.
4 Bí ag ól as an sruthán agus thug mé ordú do na fiacha bia a sholáthar duit ansin.”
5 Rinne sé mar a dúirt an Tiarna leis; d'imigh sé agus d'fhan sé i nGleann Chéirít atá taobh thoir den Iordáin.