6 Thugadh na fiacha arán chuige ar maidin agus feoil um thráthnóna, agus d'óladh sé uisce an tsrutháin.
7 Ar ball beag chuaigh an sruthán i ndísc toisc nach raibh fearthainn sa tír.
8 Ansin tháinig briathar an Tiarna chuige á rá:
9 “Éirigh agus imigh leat go Zárafat, cathair Shíodónach, agus fan ansin. Thug mé ordú, féach, do bhaintreach ansiúd thú a chothú.”
10 D'éirigh sé agus d'imigh mar sin go Zárafat. Nuair a bhain sé geata na cathrach amach, bhí baintreach ann ag cruinniú brosna. Chuir sé forrán uirthi agus dúirt: “Tabhair chugam le do thoil braoinín uisce i soitheach, ionas go mbeadh deoch uisce agam.”
11 Bhí sí ar tí imeacht faoina choinne nuair a ghlaoigh sé uirthi: “Ar mhiste leat,” ar sé, “blúire aráin a thabhairt chugam i do láimh.”
12 “Dar an Tiarna do Dhia beo,” a d'fhreagair sí, “níl builín aráin ar bith agam, níl ach glac mine i bpróca agus braoinín ola i gcrúiscín. Tá mé ag cruinniú cipín nó dhó anois roimh dhul isteach chun an méid sin a ullmhú dom féin agus do mo mhac le hithe, agus ansin gheobhaimid bás.”