1 Ríthe 18:21-27 ABN

21 Shiúil Éilias amach os comhair an phobail go léir agus dúirt: “Cá fhad atá sé ar intinn agaibh a bheith ag bacadhradh, seal ar leathchois amháin, agus seal ar an gceann eile? Más é an Tiarna is Dia ann, leanaigí é, más é Bál, leanaigí eisean.” Ní raibh focal as an bpobal.

22 Ansin dúirt Éilias leo: “Mise agus mise amháin a fágadh mar fháidh de chuid an Tiarna, ach tá ceithre chéad go leith fáidh de chuid Bhál ann.

23 Tugtar dhá tharbh chugainn; toghadh siadsan ceann amháin dóibh féin, déanaidís codanna de agus cuiridís ar an gconnadh é ach gan tine ar bith a lasadh faoi. Ullmhóidh mise an tarbh eile agus cuirfidh mé ar an gconnadh é gan tine ar bith a lasadh faoi.

24 Glaoigí ar ainm bhur ndé agus glaofaidh mise ar ainm an Tiarna; an dia a fhreagróidh le tine, is é is Dia dáiríre ann.” D'fhreagair an pobal go léir: “Tá go maith.”

25 Dúirt Éilias ansin le fáithe Bhál: “Toghaigí tarbh agus tosaígí mar is líonmhaire sibhse. Glaoigí ar ainm bhur ndé; ach ná lasaigí tine faoi.”

26 Ghlac siad an tarbh a tugadh dóibh agus d'ullmhaíodar é agus ó mhaidin go meán lae bhí siad ag glaoch ar ainm Bhál. “A Bhál,” a ghlaodar, “tabhair freagra orainn!” Ach ní raibh guth ná freagra le cloisteáil agus iad ag damhsa go bacach thart timpeall ar an altóir a bhí déanta acu.

27 Tháinig an meán lae agus bhí Éilias ag magadh fúthu: “Glaoigí níos airde,” ar seisean, “mar is dia é; tá sé gafa nó cruógach, nó imithe ar thuras, nó b'fhéidir gur ina chodladh atá sé agus nach mór é a dhúiseacht.”