25 Dúirt Éilias ansin le fáithe Bhál: “Toghaigí tarbh agus tosaígí mar is líonmhaire sibhse. Glaoigí ar ainm bhur ndé; ach ná lasaigí tine faoi.”
26 Ghlac siad an tarbh a tugadh dóibh agus d'ullmhaíodar é agus ó mhaidin go meán lae bhí siad ag glaoch ar ainm Bhál. “A Bhál,” a ghlaodar, “tabhair freagra orainn!” Ach ní raibh guth ná freagra le cloisteáil agus iad ag damhsa go bacach thart timpeall ar an altóir a bhí déanta acu.
27 Tháinig an meán lae agus bhí Éilias ag magadh fúthu: “Glaoigí níos airde,” ar seisean, “mar is dia é; tá sé gafa nó cruógach, nó imithe ar thuras, nó b'fhéidir gur ina chodladh atá sé agus nach mór é a dhúiseacht.”
28 Ar an ábhar sin ghlaodar níos airde fós agus shádar iad féin mar ba nós leo le claimhte agus le sleánna nó go raibh an fhuil ina slaoda leo.
29 Chuaigh an meán lae thart agus bhí siad ag radaireacht leo nó gur tháinig tráth ofrála na habhlainne, ach guth ná freagra ná aird ar bith níor tugadh orthu.
30 Ansin dúirt Éilias leis an bpobal go léir: “Tagaigí níos cóngaraí dom,” agus dhruid an pobal go léir láimh leis. Dheisigh sé altóir an Tiarna a bhí leagtha ar lár.
31 Ghlac Éilias dhá chloch déag, ag freagairt d'uimhir na dtreibheanna de chlann mhac Iacóib ar tháinig briathar úd an Tiarna chucu: “Iosrael a ghairfear díbh!”