4 Nuair a bhí Ízeibil ag bású fáithe an Tiarna, rug Obaidiá céad fáidh leis agus chuir i bhfolach iad, leathchéad díobh sa turas, agus bheathaigh sé iad le harán agus le huisce.
5 Dúirt Acháb le hObaidiá: “Téanam, ní foláir dúinn an tír a chuardach idir thoibreacha agus ghleannta, le súil go bhfaighimis féar a choimeádfadh ár gcapaill agus ar miúileanna beo, agus nach gcaithfimis cuid dár stoc a mharú.”
6 Roinneadar an tír eatarthu don chuardach; d'imigh Acháb bóthar amháin leis féin, agus d'imigh Obaidiá bóthar eile leis féin.
7 Ar an tslí d'Obaidiá, b'sheo chuige ina choinne Éilias: d'aithin sé é agus chrom chun talún agus dúirt: “Nach tú, a thiarna, Éilias?”
8 “Is mé sin,” a d'fhreagair sé, “agus imigh leat agus abair le do mháistir: ‘Tá Éilias anseo, féach!’ ”
9 Ach dúirt Obaidiá: “Cén peaca a rinne mé a rá is go gcuirfeá do shearbhónta i láimh Acháb le go marófaí mé?
10 Dar an Tiarna do Dhia beo, níl aon chine ná ríocht nár chuir mo thiarna tóir ort ann; agus nuair a deiridís: ‘Níl sé anseo,’ chuireadh sé an ríocht nó an náisiún faoi mhionn nach raibh tú faighte acu.