40 Dúirt Éilias: “Gabhaigí fáithe Bhál agus ná ligigí d'aon duine díobh éalú.” Ghabhadar iad agus thug Éilias síos go Gleann Chíseon iad agus bhásaigh ansiúd iad.
41 Dúirt Éilias le hAcháb: “Gabh ar ais agus bí ag ithe agus ag ól, mar cluinim tormán na fearthainne.”
42 Nuair a d'imigh Acháb ar ais le bia agus deoch a chaitheamh, chuaigh Éilias suas go barr Chairmeil, d'umhlaigh sé go talamh agus chuir a aghaidh idir a ghlúine.
43 “Gabh suas anois,” ar sé lena sheirbhíseach, “agus féach amach i dtreo na farraige.” Chuaigh sé suas agus d'fhéach sé. “Níl rud ar bith ann,” ar seisean. “Gabh ar ais seacht n‑uaire,” arsa Éilias.
44 An seachtú huair dúirt an seirbhíseach: “Tá scamall ann anois, chomh beag le láimh duine, ag éirí as an bhfarraige.” Dúirt Éilias: “Imigh suas agus abair le hAcháb: ‘Ullmhaigh an carbad agus téigh síos, sula gcuire an fhearthainn cúl ort.’ ”
45 Agus leis sin d'éirigh an spéir dorcha le scamaill agus le síon agus tháinig batharnach bháistí. Léim Acháb isteach ina charbad agus thriall sé ar Izréil.
46 Bhí lámh an Tiarna ar Éilias; chrap sé a chlóca timpeall air féin agus rith sé roimh Acháb go himeall Izréil.