13 Nuair a chuala Éilias é sin, chlúdaigh sé a aghaidh lena chlóca; chuaigh sé amach agus sheas sé i mbéal na huaimhe. Tháinig guth chuige á rá: “Cad tá tú a dhéanamh anseo, a Éilias?”
14 D'fhreagair sé: “Tá mé lán de dhúthracht gan staonadh ar son Tiarna na Slua, mar gur thréig clann Iosrael [thú], gur leagadar d'altóirí, agus gur chuireadar d'fháithe chun báis. Níl fágtha ach mise agus tá siad ar thóir m'anama, ar tí mo mharaithe.”
15 Dúirt an Tiarna leis: “Imigh leat agus gabh ar ais an bóthar céanna go fásach na Damaisce. Tar éis teacht duit déan Hazáéil a ungadh ina rí ar Arám;
16 agus Iéahú mac Nimsí a ungadh ina rí ar Iosrael, agus Eilíseá mac Sheáfát ó Ábael Machólá a ungadh ina fháidh le teacht i do dhiaidh.
17 Cibé a thiocfaidh slán ó chlaíomh Hazáéil, cuirfidh Iéahú chun báis iad; agus cibé a thiocfaidh slán ó chlaíomh Iéahú cuirfidh Eilíseá chun báis iad.
18 Ach déanfaidh mé anacal anama ar sheacht míle in Iosrael, gach glúin nár feacadh do Bhál, gach béal nár phog é.”
19 D'imigh sé ón áit sin agus tháinig ar Eilíseá mac Sheáfát agus é ag treabhadh; bhí dhá dhamh déag sa chuingir aige agus é féin leis an dara ceann déag. Chuaigh Éilias thart i ndeas dó agus chaith a chlóca anuas air.