7 Tháinig aingeal an Tiarna ar ais chuige an dara huair, chorraigh é agus dúirt: “Éirigh agus ith nó beidh an t‑aistear ró-fhada duit.”
8 D'éirigh sé mar sin, agus d'ith sé agus d'ól sé, agus neartaigh an bia chomh mór sin é gur shiúil sé daichead lá agus daichead oíche nó gur shroich sé Horaeb, sliabh Dé.
9 Agus chuaigh sé isteach san uaimh ansiúd agus chaith an oíche ann. Agus tháinig briathar an Tiarna chuige á rá: “Cad tá tú a dhéanamh anseo, a Éilias?”
10 D'fhreagair sé: “Táim lán de dhíograis agus de dhúthracht do Thiarna na Slua, mar gur thréig clann Iosrael [thú] gur leagadar d'altóirí, agus gur chuireadar d'fháithe chun báis. Níl fágtha ach mise agus tá siad ar thóir m'anama, ar tí mo mharaithe.”
11 Ansin fuair sé an focal: “Gabh amach agus seas ar an sliabh os comhair an Tiarna.” Chuaigh an Tiarna féin thar bráid ansin. Tháinig gaoth láidir, chomh tréan sin gur réab sí na sléibhte agus go ndearna smionagar de na carraigeacha roimh an Tiarna. Ach ní raibh an Tiarna sa ghaoth. I ndiaidh na gaoithe tháinig crith talún. Ach ní raibh an Tiarna sa chrith talún.
12 I ndiaidh an chrith talún, tháinig tine. Ach ní raibh an Tiarna sa tine. I ndiaidh na tine, tháinig fuaim chogair bhig.
13 Nuair a chuala Éilias é sin, chlúdaigh sé a aghaidh lena chlóca; chuaigh sé amach agus sheas sé i mbéal na huaimhe. Tháinig guth chuige á rá: “Cad tá tú a dhéanamh anseo, a Éilias?”