20 Dúirt an Tiarna: ‘Cé mheallfaidh Acháb chun fód a bháis ag Rámot Gileád?’ Dúirt cuid díobh seo agus a thuilleadh siúd.
21 Ansin tháinig spiorad ar aghaidh agus sheas os comhair an Tiarna: ‘Déanfaidh mise é a mhealladh,’ ar sé. ‘Conas?’ arsa an Tiarna.
22 ‘Imeoidh mé agus beidh mé i mo spiorad éithigh i mbéal a fháithe go léir.’ ‘Meallfaidh tú é,’ arsa an Tiarna, ‘rithfidh leat. Téigh agus déan é.’
23 Féach anois más ea mar a chuir an Tiarna spiorad éithigh i mbéal d'fháithe go léir anseo. Ach tá tubaiste fógartha ag an Tiarna i d'aghaidh.”
24 Tháinig Zidicíá mac Canáná chun tosaigh ansin agus bhuail sé Míocáia i gcorrán a ghéill agus dúirt: “Conas a d'fhág spiorad an Tiarna mise le labhairt leatsa?”
25 “Sin rud a gheobhaidh tú amach,” d'fhreagair Míocáia, “an lá a theithfidh tú isteach i seomra cúil le dul i bhfolach.”
26 Dúirt rí Iosrael: “Gabhaigí Míocáia, agus tugaigí ar láimh é d'Ámon, rialtóir na cathrach, agus don Phrionsa Ióáis,