23 Féach anois más ea mar a chuir an Tiarna spiorad éithigh i mbéal d'fháithe go léir anseo. Ach tá tubaiste fógartha ag an Tiarna i d'aghaidh.”
24 Tháinig Zidicíá mac Canáná chun tosaigh ansin agus bhuail sé Míocáia i gcorrán a ghéill agus dúirt: “Conas a d'fhág spiorad an Tiarna mise le labhairt leatsa?”
25 “Sin rud a gheobhaidh tú amach,” d'fhreagair Míocáia, “an lá a theithfidh tú isteach i seomra cúil le dul i bhfolach.”
26 Dúirt rí Iosrael: “Gabhaigí Míocáia, agus tugaigí ar láimh é d'Ámon, rialtóir na cathrach, agus don Phrionsa Ióáis,
27 agus abraigí: ‘Seo iad orduithe an rí:Cuirigí an duine seo i bpriosún agus ná tugaigí mar chothú dó ach an beagán aráin agus uisce go bhfille mé ar ais slán folláin.’ ”
28 Dúirt Míocáia: “Má fhilleann tú slán folláin, níor labhair an Tiarna as mo bhéal.” (Agus dúirt sé: “Éistigí, a chiníocha go léir.”)
29 Chuaigh rí Iosrael agus Iahóiseáfát rí Iúdá suas in aghaidh Rámot Gileád.