25 “Sin rud a gheobhaidh tú amach,” d'fhreagair Míocáia, “an lá a theithfidh tú isteach i seomra cúil le dul i bhfolach.”
26 Dúirt rí Iosrael: “Gabhaigí Míocáia, agus tugaigí ar láimh é d'Ámon, rialtóir na cathrach, agus don Phrionsa Ióáis,
27 agus abraigí: ‘Seo iad orduithe an rí:Cuirigí an duine seo i bpriosún agus ná tugaigí mar chothú dó ach an beagán aráin agus uisce go bhfille mé ar ais slán folláin.’ ”
28 Dúirt Míocáia: “Má fhilleann tú slán folláin, níor labhair an Tiarna as mo bhéal.” (Agus dúirt sé: “Éistigí, a chiníocha go léir.”)
29 Chuaigh rí Iosrael agus Iahóiseáfát rí Iúdá suas in aghaidh Rámot Gileád.
30 Dúirt rí Iosrael le Iahóiseáfát: “Cuirfidh mé bréagriocht orm féin agus mé ag dul sa chath, ach bíodh d'éidí rí ortsa.” Chuaigh rí Iosrael sa chath faoi bhréagriocht.
31 Thug rí Arám ordú dá cheannairí carbad (tríocha dó díobh): “Ná tugaigí fogha faoi aon duine beag ná mór, ach faoi rí Iosrael.”