28 Dúirt Míocáia: “Má fhilleann tú slán folláin, níor labhair an Tiarna as mo bhéal.” (Agus dúirt sé: “Éistigí, a chiníocha go léir.”)
29 Chuaigh rí Iosrael agus Iahóiseáfát rí Iúdá suas in aghaidh Rámot Gileád.
30 Dúirt rí Iosrael le Iahóiseáfát: “Cuirfidh mé bréagriocht orm féin agus mé ag dul sa chath, ach bíodh d'éidí rí ortsa.” Chuaigh rí Iosrael sa chath faoi bhréagriocht.
31 Thug rí Arám ordú dá cheannairí carbad (tríocha dó díobh): “Ná tugaigí fogha faoi aon duine beag ná mór, ach faoi rí Iosrael.”
32 Nuair a chonaic ceannairí na gcarbad Iahóiseáfát dúradar: “Sin é, ar ndóigh, rí Iosrael,” agus d'iompaíodar air. Ach chuir Iahóiseáfát a gháir chatha suas
33 agus thuig ceannairí na gcarbad nárbh é rí Iosrael é, agus d'éiríodar as an tóir air.
34 Ach tharraing duine de na saighdiúirí a bhogha de bhuille faoi thuairim agus bhuail sé rí Iosrael idir éide chatha agus lúireach. “Iompaigh timpeall,” arsa an rí lena chairbtheach, “agus beir leat as an gcath mé, mar táim gonta.”