3 Dúirt rí Iosrael lena oifigigh: “An bhfuil a fhios agaibh go mbaineann Rámot Gileád linne? Ach mar sin féin ní chuirimid cor asainn chun é bhaint as lámha rí Arám.”
4 Dúirt sé le Iahóiseáfát: “An dtiocfaidh tú liom chun troda ag Rámot Gileád?” D'fhreagair Iahóiseáfát rí Iosrael: “Táimse chomh hullamh leat féin, mo mhuintir le do mhuintirse, agus m'eachra le d'eachra.”
5 Ach dúirt Iahóiseáfát le rí Iosrael: “Faigh ar dtús comhairle an Tiarna.”
6 Chruinnigh rí Iosrael na fáithe le chéile, dá bhrí sin, ceithre chéad díobh. “Ar chóir dom dul agus Rámot Gileád a ionsaí, nó ligean dó?” ar sé. “Téigh,” ar siad, “tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é.”
7 Ach dúirt Iahóiseáfát: “An bhfuil aon fháidh eile leis an Tiarna anseo againn le dul i gcomhairle leis?”
8 D'fhreagair rí Iosrael Iahóiseáfát: “Tá aon duine amháin eile ónar féidir linn comhairle an Tiarna a fháil, ach is gráin liom é mar nach mbíonn riamh aon tairngreacht fhónta aige domsa, ach droch-chinn; Míocáia mac Imleá an duine sin.” “Níor chóir don rí a leithéid sin a rá,” arsa Iahóiseáfát.
9 Chuir rí Iosrael fios ar dhuine de na coillteáin dá bhrí sin agus dúirt: “Tabhair Míocáia mac Imleá chugainn gan mhoill.”