35 Ach ghéaraigh ar an gcath i gcaitheamh an lae; coimeádadh an rí ina sheasamh ina charbad le teanntaí agus a aghaidh ar na hArámaigh nó go bhfuair sé bás tráthnóna, agus fuil a chréachta ag sní ar urlár an charbaid.
36 Le fuineadh néil nóna ghabh an gháir tríd an slua: “Gach fear chun a chathrach féin; gach fear chun a dhúiche féin;
37 [tá an rí marbh]!” Chuadar chun na Samáire agus rinneadar an rí a adhlacadh sa tSamáir.
38 Níodar an carbad ag Linn na Samáire; mar a níodh na striapacha iad féin, agus ligh na madraí a chuid fola de réir an bhriathair a labhair an Tiarna.
39 An chuid eile de stair Acháb, a imeachtaí go léir, an teach eabhair a thóg sé, agus na cathracha go léir a thóg sé, nach bhfuil siadsan go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?
40 Ansin chuaigh Acháb chun suain lena shinsir agus tháinig a mhac Achaizíá i gcomharbacht air.
41 Tháinig Iahóiseáfát mac Ásá i gcoróin ar Iúdá sa cheathrú bliain de réimeas Acháb rí Iosrael.