44 Ach níor scriosadh fós na hardionaid, agus d'ofráladh an pobal íobairtí agus túis fós ar na hardionaid.
45 Bhí cairdeas idir Iahóiseáfát agus rí Iosrael.
46 An chuid eile de stair Iahóiseáfát, an gaisce a rinne sé, na cogaí a throid sé, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?
47 A raibh fágtha de na striapacha naofa fir a mhair le linn a athar Ásá, scuab sé chun siúil as an tír iad.
48 Ní raibh aon rí ar Eadóm (ach fear ionaid) agus
49 rinne Iahóiseáfát rí loingeas Thairsís le dul go hÓifír ag triall ar ór, ach níor shroich an loingeas ceann scríbe, ach scriosadh iad ag Eizión Geibir.
50 Ansin dúirt Achaizíá mac Acháb le Iahóiseáfát: “Lig do mo shearbhóntaíse dul le do shearbhóntaíse sa loingeas,” ach ní aontódh Iahóiseáfát.