51 Agus chuaigh Iahóiseáfát chun suain lena shinsir agus adhlacadh é i nDúnfort Dháiví, a shinsear; tháinig a mhac Iahórám i gcomharbacht air.
52 Tháinig Achaizíá mac Acháb i gcoróin Iosrael sa tSamáir sa seachtú bliain déag de réimeas Iahóiseáfát rí Iosrael, agus bhí sé i réim in Iosrael ar feadh dhá bhliain.
53 Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna agus lean sé sampla a athar agus a mháthar, agus Iarobám mac Nabát a sheol Iosrael ar bhealach an pheaca.
54 Rinne sé seirbhís do Bhál agus thug adhradh dó agus ghriog sé an Tiarna Dia Iosrael chun feirge díreach faoi mar a rinne a athair.