12 déanaim duit ar an toirt mar a d'iarr tú. Bronnaim ort croí ciallmhar tuisceanach, i dtreo nach raibh do leithéid riamh romhat agus nach mbeidh do leithéid i do dhiaidh.
13 Sea go deimhin, agus an rud nár iarr tú, bronnfaidh mé ort chomh maith é: saibhreas agus glóir, nach raibh a leithéid ag aon rí eile riamh (i gcaitheamh do shaoil).
14 Tabharfaidh mé fad saoil duit má leanann tú mo chosáin, agus tú ag coimeád mo dhlíthe agus mo reachtanna, faoi mar a lean Dáiví, d'athair.”
15 Dhúisigh Solamh. Féach, brionglóid ab ea é! Ansin d'fhill sé ar Iarúsailéim agus sheas sé os comhair áirc chonradh an Tiarna, agus d'ofráil sé íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach, agus bhí fleá aige dá shearbhóntaí go léir.
16 Ansin tháinig beirt mheirdreach go dtí an rí agus sheasadar ina láthair.
17 Dúirt duine de na mná: “A thiarna liom, táimse agus an bhean seo ag cur fúinn san aon teach amháin; rugadh mac domsa agus ise sa teach.
18 Ansin tharla, ar an tríú lá tar éis breith mo linbh dom, gur rug an bhean seo mac chomh maith; agus bhíomar linn féin, gan aon duine eile farainn sa teach ach lán na beirte againn amháin sa teach.